Lámh Chúnta
  • Baile - Home
  • Táirgí-Products
    • Spraoi le Cluichí
    • Obair Bhreise
    • Múinteoir Rang 4 (bunaithe ar ‘An Múinteoir Nua’)
    • Cad a dhéanfaidh mé anois?
    • Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann
    • Seo Linn!
    • Ag Scríobh Liom
    • Litriú Abú >
      • Litriú Abú E&F
    • As go Brách Liom
    • Lúbaí Lúb
    • Ag Ceangal Liom
    • Feasacht Fóineolaíochta
    • Na Stop an Chaint
  • Teagmháil - Contact
    • Fúinn - About Us
    • Téarmaí agus Coinníollacha/Terms and Conditions
    • Beartas Príobháideachais - Privacy Policy
  • Stór/Store
  • Freagraí

Spraoi le Cluichí

Suitable for all classes with each game allowing 36 pupils or less to play! It’s a great way of re-enforcing vocabulary and, more importantly, phrases that have been taught.

Game details - Sonraí ar na cluichí

Tá treoracha soiléara do gach cluiche scríofa as Gaeilge agus as Béarla. Is féidir gach cluiche thíos a imirt le rang iomlán nó le grúpaí beaga.

There are clear instructions for each game written in Irish and in English. All the games can be played with a full class or with small groups.
Picture

Múinteoir Rang 4 (bunaithe ar ‘An Múinteoir Nua’)

Tá an leabhar saothair seo bunaithe ar leabhar a d’fhoilsigh An Gúm mar chuid den scéim Séideán Sí. An Múinteoir Nua le hÁine Ní Ghlinn ISBN 978-1-85791-688-1

© An Roinn Oideachais agus Scileanna / Foras na Gaeilge, 2007 Baineann an leabhar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne
 Oideachais agus Scileanna.

Is leabhar fótócóipeála é seo don mhúinteoir chun breis oibre a dhéanamh bunaithe ar an leabhar ‘An Múinteoir Nua.’


Picture

Obair Bhreise (bunaithe ar Leabhairíní Rang 1 - Céim 2 agus Céim 3)

Tá an leabhar saothair seo bunaithe ar leabhairíní i gcomhair Rang 1 a d’fhoilsigh An Gúm mar chuid den scéim Séideán Sí. Leabhairíní Rang 1 - Céim 2 agus Céim 3 Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh

© An Roinn Oideachais agus Scileanna / Foras na Gaeilge

Is leabhar fótócóipeála é seo don mhúinteoir chun breis oibre a dhéanamh bunaithe ar na leabhairíní Rang 1- Céim2 agus Céim 3.

Picture

Cad a dhéanfaidh mé anois?

Seo leabhar fótócóipeála go bhféadfaí a úsáid chun gníomhaíochtaí breise a dhéanamh nuair atá fíorleabhar léite ag páiste aonair nó ag an rang. Tá réimse mór gníomhaíochtaí ann a shásódh gach cumas sa rang.

Picture

Seo Linn!

Is leabhar fótócóipeála é seo don mhúinteoir chun breis oibre a dhéanamh bunaithe ar na leabhairíní Rang 1 Céim 2. Tá

An leabhar saothair seo bunaithe ar leabhairíní i gcomhair Rang 1 a d’fhoilsigh An Gúm mar chuid den scéim Séideán Sí. Leabhairíní Rang 1 - Céim 2 Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh.

© An Roinn Oideachais agus Scileanna / Foras na Gaeilge


Picture

Ag Scríobh Liom

Sraith leabhair atá anseo do Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 1 agus Rang 2 le idir 60-65 leathanach i ngach leabhar.  Úsáidtear an font ‘Sassoon’  tríd na leabhair agus ciallaíonn sé sin go bhfuil ‘eireaball’ ar na litreacha.  

In ‘Ag Scríobh Liom A’ do na Naíonáin Shóisireacha, déantar cleachtadh ar na bunlitreacha amháin agus scríobhtar iad i bhfocail shimplí chomh maith.

In ‘Ag Scríobh Liom B’  do na Naíonáin Shinsireacha, dírítear isteach ar na cinnlitreacha chomh maith le dul siar a dhéanamh ar na bunlitreacha a déanadh in ‘Ag Scríobh Liom A.’

In ‘Ag Scríobh Liom C’ do Rang 1 déantar a thuilleadh cleachtaidh ar na bun agus cinnlitreacha agus iad a scríobh i bhfocail.

In ‘Ag Scríobh Liom D’ do Rang 2 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.
Picture

As go Brách Liom A
Leabhar is ea é seo do Naíonáin Bheaga chun cleachtadh a dhéanamh ar fhónaic na Gaeilge.  Is leabhar saothair é lán de ghníomhaíochtaí chun túsfhuaimeanna, lárfhuaimeanna agus deireadh fhuaimeanna a aimsiú chomh maith le cumasc fuaime (blending) a dhéanamh chun focal CGC (CVC) a léamh.

As go Brách liom B
Sa leabhar seo téitear siar ar na túsfhuaimeanna a deineadh i leabhar A agus leantar ar aghaidh le cleachtadh ar chumasc túsfhuaimeanna m.sh.gl-gloine;
br-briste, tr-traein.  Féachtar chomh maith ar fhuaimeanna deiridh i bhfocal m.sh –án- sparán; -óg –spúnóg;  -ás- spas, srle.

As go Brách Liom C
Téitear siar ar an obair a deineadh i leabhar B agus leantar ar aghaidh le tascanna bunaithe ar chonsain shéimhithe m.sh. bh-bhí, subh; ch – amach, chonaic; th-ag ithe, thit srle.

As go Brách Liom D
Téitear siar ar an obair a deineadh i leabhar C agus leantar ar aghaidh ar thascanna bunaithe ar na dé-fhoghair m.sh. ia- siad; eo –seol, srle.

Tá cleachtaí bheaga pheannaireachta iontu, freisin.
Picture

 Litriú Abú!

Seo scéim de sé leabhair A-F lán de ghníomhaíochta éagsúla bunaithe ar liosta focal atá le foghlaim. 

Tá na focail roghnaithe de réir fónaice. 

Tá meascán de ghníomhaíochta ann ar nós, cuardach focal, malairtí, ag meaitseáil siollaí, líon na bearnaí, cosúlachtaí srle. 

Chabhródh na leabhair seo go mór le saibhreas teanga na bpáistí. 

Tá abairtí deachtaithe le déanamh chomh maith.


Picture

Ag Ceangal Liom

Sraith leabhair atá anseo do Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 1 agus Rang 2 le idir 60-65 leathanach i ngach leabhar.

In ‘Ag Ceangal Liom A’ do na Naíonáin Shóisireacha, déantar cleachtadh ar na bunlitreacha amháin agus scríobhtar iad i bhfocail shimplí chomh maith.

In ‘Ag Ceangal Liom B’  do na Naíonáin Shinsireacha, dírítear isteach ar na cinnlitreacha chomh maith le dul siar a dhéanamh ar na bunlitreacha a déanadh in ‘Ag Scríobh Liom A.’

In ‘Ag Ceangal Liom C’ do Rang 1 déantar a thuilleadh cleachtaidh ar na bun agus cinnlitreacha agus iad a scríobh i bhfocail.

In ‘Ag Ceangal Liom D’ do Rang 2 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.

In ‘Ag Ceangal Liom E’ do Rang 3 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.

In ‘Ag Ceangal Liom F’ do Rang 4 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.

​
Picture

Lúbaí Lúb

Sraith nua peannaireachta atá anseo sna leabhair ‘Lúbaí Lúb’ ina bhfuil meascán de sheanfhocail, rabhlóga, tréanna agus tomhais le scriobh.

Cé go bhfuil scribhneoireacht cheangailte ins na leabhair ‘Ag Ceangal Liom’, nior thaitin gach litir le gach múinteoir. Féach ar na litreacha ar fad, mar a tá siad i ‘Lúbaí Lúb’, sna samplaí thíos
Picture

Ná Stop an Chaint
10 gcluiche cumarsáide atá sa chluiche 
‘Ná Stop an Chaint’. 
Sna cluichí úsáidtear na feidhmeanna teanga 

* caidreamh sóisialta a dhéanamh
* soiléiriú a lorg i gcomhrá
* dul i gcion ar dhuine 
* dearcadh a léiriú agus a lorg 
* eolas a thabhairt agus a lorg
* struchtúr a chur ar chomhrá


Ní stopfaidh na páistí ag caint leis na cluichí seo
Picture

Feasacht Fóineolaíochta
5 leather agus áiseanna indata in oirlúint do ghrúpa de chúigear. Tá an 12 céim i bhfeasacht fóineolaíochta clúidaithe sa scéim iomlán. Tá USB ag dul leis an bpacáiste chun tacú leis na gníomhaíochtaí.

Leabhar 1: Idirdhealú Éisteachta, Rím agus Uaim
Leabhar 2: Deighilt & Siollú agus Cumasc
Leabhar 3: Mesitseáil Fóinéime agus Anor Fionéime
Leabhar 4a: Comhlánú Fionéime agus Suimiú & Dealú Fóinéime
Leabhar 4b: Deighilt Fóinéime, Athrú Fóinéime agus Aisiompú Fóinéime
​
Picture

Teagmháil - Contact

Fúinn - About us

Téarmaí agus Coinníollacha - Terms and Conditions

Beartas Príobháideachais - Privacy Policy