Lámh Chúnta
  • Baile - Home
  • Táirgí-Products
    • Spraoi le Cluichí
    • Obair Bhreise
    • Múinteoir Rang 4 (bunaithe ar ‘An Múinteoir Nua’)
    • Cad a dhéanfaidh mé anois?
    • Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann
    • Seo Linn!
    • Ag Scríobh Liom
    • Litriú Abú >
      • Litriú Abú E&F
    • As go Brách Liom
    • Lúbaí Lúb
    • Ag Ceangal Liom
    • Feasacht Fóineolaíochta
    • Na Stop an Chaint
  • Teagmháil - Contact
    • Fúinn - About Us
    • Téarmaí agus Coinníollacha/Terms and Conditions
    • Beartas Príobháideachais - Privacy Policy
  • Stór/Store
  • Freagraí
Lámh Chúnta
Fáilte chuig Lámh Chúnta,
Ag Lámh Chúnta is féidir lámh chúnta a fháil chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don mhúinteoir agus don dalta. Anseo gheobhaidh tú réimse acmhainne le húsáid sa seomra ranga:
​
Picture
  • ​Leabhair le gníomhaíochtaí breise bunaithe ar leabhair léitheoireachta na bpáistí
  • Cluichí teanga
  • Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann
  • Ag Scríobh liom - Scéim pheannaireachta ó Naíonáin Bheaga - Rang 2
  • As go Brách liom - Scéim fhónaice ó Naíonáin Bheaga - Rang 2
  • Ag Ceangal Liom- scéim pheannaireachta le scríbhneoireacht reatha ó Naíonáin Bheaga - Rang 4
  • Litriú Abú - scéim litriúcháin ó Rang 1 - Rang 6
  • Lúbaí Lúb- scéim pheannaireachta le scríbhneoireacht reatha  do ranganna 1, 2, 3 & 4
  • Ná Stop an Chaint - 10 gcluiche cumarsáide do pháistí sna meán agus ard ranganna
  • Spraoi le Cluichí - 10 gcluiche bunaithe ar fheidmeanna teanga do pháistí ó Rang 1-6.
Tá súil agam go dtabharfaidh na h-áiseanna seo lámh chúnta duit!
Welcome to Lámh Chúnta.
At Lámh Chúnta we give a 'helping hand' to make the teaching and learning of Irish more appealing to the teacher and the pupil.  Here you will find a range of resources for use in the classroom:
  • spelling/phonic books
  • additional reading activity books based on the childrens reading books
  • language games
  • Phonic scheme- Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann
  • Ag Scríobh Liom - Handwriting scheme from Junior Infants - 2nd class
  • As go Brách Liom - Phonics scheme from Junior infants - 2nd class
  • Ag Ceangal Liom- joined handwriting scheme for Junior Infants - 4th class.
  • Litriú Abú- spelling scheme for First class - Sixth class.
  • Lúbaí Lúb - joined handwriting scheme for First class-fourth class.
    I hope that these resources will give you a helping hand! 

Picture
Táirge Nua

Sraith leabhair atá anseo do Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra,
​Rang 1,2,3 agus Rang 4 le idir 60-65 leathanach i ngach leabhar. 

In ‘Lúbaí Lúb Naionain Bheaga’ do na Naíonáin Shóisireacha, déantar cleachtadh ar na bunlitreacha amháin agus scríobhtar iad i bhfocail shimplí chomh maith.

In ‘Lúbaí Lúb Naionain Mhora’  do na Naíonáin Shinsireacha, dírítear isteach ar na cinnlitreacha chomh maith le dul siar a dhéanamh ar na bunlitreacha a deineadh in ‘Lúbaí Lúb Naionain Bheaga.’

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

Picture
Táirge Nua
​
Feasacht Fóineolaíochta
5 leabhar agus áiseanna iniata in oiriúint do ghrúpa de chúigear. Tá an 12 céim i bhfeasacht fóineolaíochta clúidaithe sa scéim iomlán. Tá USB ag dul leis an bpacáiste chun tacú leis na gníomhaíochta
í.

Pacáiste 1: Idirdhealú Éisteachta, Rím agus Uaim
Pacáiste 2: Deighilt & Siollú agus Cumasc
Pacáiste 3: Meaitseáil Fóinéime agus Aonrú Fóinéime
Pacáiste 4: Leabhar 4a Comhlánú Fóinéime agus Suimiú & Dealú Fóinéime. Leabhar 4b Deighilt Fóinéime, Athrú Fóinéime agus Aisiompú Fóinéime

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

​


Picture
Táirge Nua
Ná Stop an Chaint
10 gcluiche gcumarsáide atá sa chluiche 
‘Ná Stop an Chaint’. 
Sna cluichí úsáidtear na feidhmeanna teanga 

* caidreamh sóisialta a dhéanamh
* soiléiriú a lorg i gcomhrá
* dul i gcion ar dhuine 
* dearcadh a léiriú agus a lorg 
* eolas a thabhairt agus a lorg
* struchtúr a chur ar chomhrá

Ní stopfaidh na páistí ag caint leis na cluichí seo

Picture
Táirge Nua
Lúbaí Lúb
​Sraith nua peannaireachta atá anseo sna leabhair ‘Lúbaí Lúb’ ina bhfuil meascán de sheanfhocail, rabhlóga, tréanna agus tomhais le scriobh.

​Cé go bhfuil scribhneoireacht cheangailte ins na leabhair ‘Ag Ceangal Liom’, nior thaitin gach litir le gach múinteoir. Féach ar na litreacha ar fad, mar a tá siad i ‘Lúbaí Lúb’, sna samplaí thíos.

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

Picture

Táirge Nua - Ag Ceangal Liom E & F
Ag Ceangal Liom

Sraith leabhair atá anseo do Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra,
​Rang 1 agus Rang 2 le idir 60-65 leathanach i ngach leabhar. 

In ‘Ag Ceangal Liom A’ do na Naíonáin Shóisireacha, déantar cleachtadh ar na bunlitreacha amháin agus scríobhtar iad i bhfocail shimplí chomh maith.

In ‘Ag Ceangal Liom B’  do na Naíonáin Shinsireacha, dírítear isteach ar na cinnlitreacha chomh maith le dul siar a dhéanamh ar na bunlitreacha a déanadh in ‘Ag Scríobh Liom A.’

In ‘Ag Ceangal Liom C’ do Rang 1 déantar a thuilleadh cleachtaidh ar na bun agus cinnlitreacha agus iad a scríobh i bhfocail.

In ‘Ag Ceangal Liom D’ do Rang 2 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.

In ‘Ag Ceangal Liom E’ do Rang 3 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.

In ‘Ag Ceangal Liom F’ do Rang 4 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.​

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

Picture
Litriú Abú!
Seo scéim de sé leabhair A-F lán de ghníomhaíochta éagsúla bunaithe ar liosta focal atá le foghlaim. Tá na focail roghnaithe de réir fónaice.  Tá meascán de ghníomhaíochta ann ar nós, cuardach focal, malairtí, ag meaitseáil siollaí, líon na bearnaí, cosúlachtaí srle.  Chabhródh na leabhair seo go mór le saibhreas teanga na bpáistí. Tá abairtí deachtaithe le déanamh chomh maith.

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

Picture
  • Seo áis fótócóipeála bunaithe ar aibítir na Gaeilge.  Tá carachtar bunaithe ar gach litir den aibítir agus tá gníomh ag dul le gach carachtar.  Tá amhrán bunaithe ar gach carachtar atá ar dhlúthdhiosca atá iniata sa phacáiste. 
    Sa phacáiste tá:
    •  21 postaer A4
    •  21 cárta A6
    • dlúthdhiosca le 21 amhrán
    •  breis is 300 leathanach ann le gníomhaíochtaí éagsúla ar nós: Cuir ciorcal timpeall ar an gceann corr; Tarraing líne ón litir go dtí an pictiúr ceart; Dathaigh isteach na pictiúir a thosaíonn leis an litir cheart; Cuir ciorcal timpeall ar an litir cheart; cártaí imeartha agus cártaí biongó.
 Fónaic agus Rann, Ceachtaí agus Greann

Picture
Ag Scríobh Liom

​Sraith leabhair atá anseo do Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 1 agus Rang 2 le idir 60-65 leathanach i ngach leabhar.  Úsáidtear an font ‘Sassoon’  tríd na leabhair agus ciallaíonn sé sin go bhfuil ‘eireaball’ ar na litreacha.  

In ‘Ag Scríobh Liom A’ do na Naíonáin Shóisireacha, déantar cleachtadh ar na bunlitreacha amháin agus scríobhtar iad i bhfocail shimplí chomh maith.

In ‘Ag Scríobh Liom B’  do na Naíonáin Shinsireacha, dírítear isteach ar na cinnlitreacha chomh maith le dul siar a dhéanamh ar na bunlitreacha a déanadh in ‘Ag Scríobh Liom A.’

In ‘Ag Scríobh Liom C’ do Rang 1 déantar a thuilleadh cleachtaidh ar na bun agus cinnlitreacha agus iad a scríobh i bhfocail.

In ‘Ag Scríobh Liom D’ do Rang 2 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna.

Praghas €7

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

Picture
As go Brách Liom A
Leabhar is ea é seo do Naíonáin Bheaga chun cleachtadh a dhéanamh ar fhónaic na Gaeilge.  Is leabhar saothair é lán de ghníomhaíochtaí chun túsfhuaimeanna, lárfhuaimeanna agus deireadh fhuaimeanna a aimsiú chomh maith le cumasc fuaime (blending) a dhéanamh chun focal CGC (CVC) a léamh.

As go Brách liom B
Sa leabhar seo téitear siar ar na túsfhuaimeanna a deineadh i leabhar A agus leantar ar aghaidh le cleachtadh ar chumasc túsfhuaimeanna m.sh.gl-gloine;
br-briste, tr-traein.  Féachtar chomh maith ar fhuaimeanna deiridh i bhfocal m.sh –án- sparán; -óg –spúnóg;  -ás- spas, srle.

As go Brách Liom C
Téitear siar ar an obair a deineadh i leabhar B agus leantar ar aghaidh le tascanna bunaithe ar chonsain shéimhithe m.sh. bh-bhí, subh; ch – amach, chonaic; th-ag ithe, thit srle.

As go Brách Liom D
Téitear siar ar an obair a deineadh i leabhar C agus leantar ar aghaidh ar thascanna bunaithe ar na dé-fhoghair m.sh. ia- siad; eo –seol, srle.

Tá cleachtaí bheaga pheannaireachta iontu, freisin.

Costas €7

Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil.

Teagmháil - Contact

Fúinn - About us

Téarmaí agus Coinníollacha - Terms and Conditions

Beartas Príobháideachais - Privacy Policy