|
Lámh Chúnta
Fáilte chuig Lámh Chúnta, Ag Lámh Chúnta is féidir lámh chúnta a fháil chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don mhúinteoir agus don dalta. Anseo gheobhaidh tú réimse acmhainne le húsáid sa seomra ranga:
|
Welcome to Lámh Chúnta.
At Lámh Chúnta we give a 'helping hand' to make the teaching and learning of Irish more appealing to the teacher and the pupil. Here you will find a range of resources for use in the classroom:
At Lámh Chúnta we give a 'helping hand' to make the teaching and learning of Irish more appealing to the teacher and the pupil. Here you will find a range of resources for use in the classroom:
- spelling/phonic books
- additional reading activity books based on the childrens reading books
- language games
- Phonic scheme- Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann
- Ag Scríobh Liom - Handwriting scheme from Junior Infants - 2nd class
- As go Brách Liom - Phonics scheme from Junior infants - 2nd class
- Ag Ceangal Liom- joined handwriting scheme for Junior Infants - 2nd class.
- Litriú Abú- spelling scheme for First class - Sixth class.
I hope that these resources will give you a helping hand!
Táirge Nua
|
|
Táirge Nua
Litriú Abú! Seo scéim de sé leabhair A-F lán de ghníomhaíochta éagsúla bunaithe ar liosta focal atá le foghlaim. Tá na focail roghnaithe de réir fónaice. Tá meascán de ghníomhaíochta ann ar nós, cuardach focal, malairtí, ag meaitseáil siollaí, líon na bearnaí, cosúlachtaí srle. Chabhródh na leabhair seo go mór le saibhreas teanga na bpáistí. Tá abairtí deachtaithe le déanamh chomh maith. Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil. |
|
|
Táirge Nua
Sraith leabhair atá anseo do Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra, Rang 1 agus Rang 2 le idir 60-65 leathanach i ngach leabhar. Úsáidtear an font ‘Sassoon’ tríd na leabhair agus ciallaíonn sé sin go bhfuil ‘eireaball’ ar na litreacha. In ‘Ag Scríobh Liom A’ do na Naíonáin Shóisireacha, déantar cleachtadh ar na bunlitreacha amháin agus scríobhtar iad i bhfocail shimplí chomh maith. In ‘Ag Scríobh Liom B’ do na Naíonáin Shinsireacha, dírítear isteach ar na cinnlitreacha chomh maith le dul siar a dhéanamh ar na bunlitreacha a déanadh in ‘Ag Scríobh Liom A.’ In ‘Ag Scríobh Liom C’ do Rang 1 déantar a thuilleadh cleachtaidh ar na bun agus cinnlitreacha agus iad a scríobh i bhfocail. In ‘Ag Scríobh Liom D’ do Rang 2 déantar na bun agus cinnlitreacha a chleachtadh in abairtí, seanfhocail, rabhlóga agus tréanna. Praghas €7 Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil. |
|
Táirge Nua
As go Brách Liom A Leabhar is ea é seo do Naíonáin Bheaga chun cleachtadh a dhéanamh ar fhónaic na Gaeilge. Is leabhar saothair é lán de ghníomhaíochtaí chun túsfhuaimeanna, lárfhuaimeanna agus deireadh fhuaimeanna a aimsiú chomh maith le cumasc fuaime (blending) a dhéanamh chun focal CGC (CVC) a léamh. As go Brách liom B Sa leabhar seo téitear siar ar na túsfhuaimeanna a deineadh i leabhar A agus leantar ar aghaidh le cleachtadh ar chumasc túsfhuaimeanna m.sh.gl-gloine; br-briste, tr-traein. Féachtar chomh maith ar fhuaimeanna deiridh i bhfocal m.sh –án- sparán; -óg –spúnóg; -ás- spas, srle. As go Brách Liom C Téitear siar ar an obair a deineadh i leabhar B agus leantar ar aghaidh le tascanna bunaithe ar chonsain shéimhithe m.sh. bh-bhí, subh; ch – amach, chonaic; th-ag ithe, thit srle. As go Brách Liom D Téitear siar ar an obair a deineadh i leabhar C agus leantar ar aghaidh ar thascanna bunaithe ar na dé-fhoghair m.sh. ia- siad; eo –seol, srle. Tá cleachtaí bheaga pheannaireachta iontu, freisin. Costas €7 Cliceáil anseo chun cúpla leathanach samplach a fheiceáil. |